
Cad is filleadh deonach ann?
Is rogha é filleadh deonach atá ar fáil do dhaoine nach bhfuil stádas dlíthiúil acu fanacht in Éirinn nó dóibh siúd a tharraing siar a n-iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta nó a ndiúltaíodh dó.
B’fhéidir go mbeadh iarratasóirí ag iarraidh a n-iarratas ar thearmann a tharraingt siar agus filleadh ar a dtír dhúchais ar chúiseanna éagsúla, agus is bealach é filleadh deonach dóibh cúnamh a fháil ón Stát chun seo a dhéanamh.
Comhairleoireacht agus tacaíocht filleadh
Tuigimid nach bhfuil sé éasca rogha a dhéanamh filleadh, agus tuigimid go bhféadfadh go leor ceisteanna agus imní a bheith ag iarratasóirí.
Labhróidh ár gComhairleoirí Fillte go príobháideach le hiarratasóirí chun na roghanna atá agat a mhíniú. Is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cibé acu filleadh deonach a roghnú nó nach ea.
Teagmháil
Tuilleadh eolais agus cúnaimh
Chun tuilleadh eolais agus cúnaimh a fháil, seol ríomhphost chuig: [email protected] nó tabhair cuairt ar Dheonú Fillte.



