
Achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh cosanta idirnáisiúnta
Is féidir leat achomharc a thaisceadh ar d’iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAT).
Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc ar fáil ar shuíomh gréasáin IPAT Baile – IPAT
Cinntí ar féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne
Tá dlínse ag an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta chun achomhairc a chinneadh i gcoinne na gcinntí seo a leanas a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú:
Ionadaíocht dhlíthiúil le linn achomhairc
Is féidir leat ionadaí dlíthiúil a iarraidh saor in aisce ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil le linn d’achomhairc freisin.
Cabhróidh an t-ionadaí dlíthiúil leat d’achomharc a thaisceadh, ullmhú do d’achomharc agus freastalóidh sé/sí ar an éisteacht achomhairc thar do cheann i gcás ina mbeidh éisteacht ó bhéal ann.



